An Bord

Anne O’Connor

Anne O'Connor
Anne O’Connor

Ó na 1970idí i leith tá Anne O’Connor ag plé le léann an bhéaloidis in Éirinn agus le léann comparáideach an bhéaloidis go hidirnáisiúnta. Díríonn a mórthaighde ar léiriúchán na mban i gcreidiúintí agus i bhfinscéalta cráifeacha na hÉireann. Sa leabhar The Blessed and the Damned: Sinful Women and Unbaptised Children in Irish Folklore déanann sí athbhreithniú ar an ábhar sa tráchtas dochtúireachta aici maidir le peirspictíochtaí feimineacha agus iar-nua-aoiseacha. Is ball í de bhord eagarthóireachta Béaloideas. Tá sí ina heagarthóir sraithe do Peter Lang International Studies in Folklore and Ethnology Series ag Peter Lang agus tá sí ag obair faoi láthair le Raidió Teilifís Éireann (RTÉ).

Kelly Fitzgerald

An Rúnaí, Kelly Fitzgerald
An Rúnaí, Kelly Fitzgerald

Is léachtóir i mBéaloideas na hÉireann agus i Saíocht na gCeilteach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath í Kelly Fitzgerald. Díríonn sí sa taighde ar fhorbairt léann an bhéaloidis in Éireann agus ar an bpróiseas cruthaitheach sna ealaíona béil. Tá sí ina Stiúrthóír ar Chumann Staraithe Gairmiúla Éireann. Bíonn sí ag obair freisin mar eitneagrafaí agus stairí béil do Léiriúcháin Anu agus tá sí ar dhuine de stiúrthóirí an chomplachta sin.

Diarmuid Ó Giolláin

Diarmuid Ó Giolláin
Diarmuid Ó Giolláin

Is ollamh i Roinn Theanga agus Litríocht na Gaeilge agus ollamh comhthráthach i Roinn na hAntraipeolaíochta Ollscoil Notre Dame é Diarmuid Ó Giolláin. Ar a chuid foilseachán is féidir Locating Irish Folklore. Tradition, Modernity, Identity a bhuaigh an Katherine Briggs Folklore Prize a áireamh. Aoi-eagarthóir ab ea é don eagrán speisialta d’Ethnologie française (2011/2): ‘Irlande: Après Arensberg et Ó Duilearga’.

Ríonach uí Ógáin

rionach
Ríonach uí Ógáin

Iar-Stiúrthóir ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus ollamh emeritus i mBéaloideas Éireann. Tá cuid mhór alt foilsithe aici faoin amhránaíocht agus faoin gceol traidisiúnta maille le dlúthdhioscaí le leabhráin. Is é an foilseachán is deireanaí dá cuid The Otherworld – Music and Song from Irish Tradition a ndearna sí comheagarthóireacht air in éineacht le Tom Sherlock agus a foilsíodh 2012. Is í an t-eagarthóir í ar iris an Chumainn le Béaloideas Éireann.

Cathal Goan

An Cathaoirleach Cathal Goan
An Cathaoirleach Cathal Goan

Sainchomhairleoir neamhspleách do na meáin. Ó 2011 go 2013 bhí sé ina léachtóir le Léann na hÉireann in Ollscoil Notre Dame in Indiana. Roimhe sin, ó 2003 go dtí 2010, bhí Cathal ina Ard‑Stiúrthóir ar RTÉ, an eagraíocht náisiúnta meán cumarsáide seirbhíse poiblí in Éirinn. Mar oibrí gairmiúil sna meáin a bhfuil neart taithí anois aige, thosaigh sé a ghairm in RTÉ in 1979, agus i measc a ról bhí Eagarthóir na gClár Teilifíse Gaeilge, an chéad Stiúrthóir ar an gcainéal teilifíse Gaeilge, Teilifís na Gaeilge (TG4) agus Stiúrthóir Teilifíse in RTÉ. I measc na mbord a raibh sé ina gcomhalta díobh cheana tá an Foras Riaracháin, Éire (2004–2010), Cathaoirleach Thaisce Cheol Dúchais Éireann (1996–2008), Rúnaí an Chumainn le Béaloideas Éireann (2002–2006), Institiúid Scannánaíochta na hÉireann (2005–2010) agus Ceoláras Náisiúnta na hÉireann (2005–2010). Tá sé ina Ollamh Taca Oinigh i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus tá sé ina Chathaoirleach faoi láthair ar Amharclann DRUID, Gaillimh agus an iris Ghaeilge COMHAR.

Ruairí Ó Cuív

Ruairí Ó Cuív
Ruairí Ó Cuív

Coimeádaí neamhspleách agus comhairleoir ealaíon é Ruairí Ó Cuív. Tá sé ina Bhainisteoir Ealaíon le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ó 2008, i mbun an chéad Chlár Ealaíon Poiblí de chuid na Cathrach a cheapadh agus a chur i bhfeidhm. Choimisiúnaigh sé saothar d’Údarás Aerphort Bhaile Átha Cliath, don Fheidhmeannas Seirbhísí Sláinte, don Roinn Oideachais agus Scileanna, d’forais oideachais agus do Chomhairle Contae Chiarraí. D’oibrigh sé go dlúth le cuid mhór ailtirí,i bhforbairt ar Dhánlann agus ar Stiúideonna Bharra an Teampaill san áireamh agus Lárionad Ealaíne Rua Red i dTamhlacht. Bhí sé roimhe sin ina stiúrthóir ar Dhánlann agus ar Stiúideonna Bharra an Teampaill, ina choimeádaí taispeántas ag Dánlann Dhughlas de hÍde agus Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann. Sa mbliain 1982 rinne sé comhbhunú ar an gcéad chuideachta Éireannach le healaín a shuiteáil agus a iompar. Ba léachtóir i Stair na hEalaíne é i dtosach a shaoil gairmiúil. Tá cuid mhór foilsithe aige.

Iar-bhaill

Fiachra Mac Gabhann

Fiachra Mac Gabhann
Fiachra Mac Gabhann
Údar mór bróin ag Fondúireacht Bhéaloideas Éireann go bhfuil Fiachra Mac Gabhann ar shlí na fírinne. Bhí sé páirteach i mbunú na Fondúireachta agus thug tacaíocht mhór di. Thuig sé go raibh ról lárnach ag an traidisiún agus nár mhór aitheantas a thabhairt dá réir. Bhí sé gníomhach i gcur chun cinn fhís agus aidhmeanna na Fondúireachta. Ba phribhléid agus pléisiúr againn sa bhFondúireacht a bheith ag plé leis. Fear feasa a bhí ann.

Ar dheis Dé go raibh a anam dílis

As na Creagacha Dubha i gCo. Lú ab ea Fiachra Mac Gabhann, ach bhí an bacán sáite aige i gceantar Thuar Mhic Éadaigh i ndeisceart Mhaigh Eo ó 2001. Bhain sé bunchéim amach sa Bhéaloideas in 1992 i gColáiste na hOllscoile, BÁC, agus bhog ansin go hOllscoil na Banríona, Béal Feirste, áit ar ghnóthaigh sé céimeanna eile sa Léann Ceilteach. D’oibrigh sé i dTionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann ann, sna 1990í, agus d’fhoilsigh saothar ar logainmneacha thuaisceart Aontroma (1997). Ar ball, bronnadh Comhaltacht Rialtas na hÉireann air faoi choimirce Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a cheadaigh dó luí isteach ar thaighde go lánaimseartha agus as ar eascair an saothar deich n-imleabhar, Logainmneacha Mhaigh Eo (2014). Bhí sé ina eagarthóir ar shaothar Chiaráin Uí Chon Cheanainn, Clár Amhrán Mhaigh Cuilinn, do Chomhairle Bhéaloideas Éireann (2011), agus bhí cuid mhaith altanna curtha de ar ghnéithe éagsúla den bhéaloideas, téacsanna Gaeilge agus logainmníocht.